1 Oir do bfearr leam go mbíadh a fhioa aguibh créd é méud mo chomhruic ar bhur sonsa, agus ar son na druing atá a Láodicéa, agus ar son na méide nach bhfacuigh madhuigh sa bhfeóil;
2 Ionnus go mbíadh sólás air ccroidhthibh, ar mbeith dhóibh dluthuighe ré chéile a ngrádh, agus a nuile shaidhbhrios sháirdhearbhthachd tuisge, chum éolais rúindíamhra Dé, eadhon a Nathar, agus Críosd;
3 Ann a bhfuilid na huile ionnmhusa eagna agus éolais folaighe.
4 Achd a deirim so, deagla go meallfadh éunduine sibh ré hóradh bríathar:
5 Oír bíodh nach bhfuilim bhur láthair sa gcoluinn, gidheadh atáim bhur láthair sa sbioruid, ag déunamh gáirdeachais agus ag féuchain bhur nórduighe, agus dhaingne bhur gcreidimh a Gcríosd.
6 Uime sin amhuíl do ghabhabhair an Tíghearna Iósa Críosd chuguibh, siúbhluidh annsan:
7 Ar mbeith dhíbh ar bhur bhfréumhughadh agus ar bhur bhfollamnúghadh ann, agus ar bhur ndaingniughadh sa gcreideamh, do réir mar do theaguisgeadh sibh, ag líonadh ann díbh maille ré breith bhuídheachais.
8 Tabhruidh bhur naire ribh nach meallfuidh éinneach sibh tré fheallsámhnachd agus tré mhealltóireachd dhiomhaíun, do réir thráchduighe na ndaóine, do réir chéudthosuigheadh an dómhuin, agus ní do réir Chríosd.
9 Oír atá a nuile iomláine Dhíaghachda na cómhnuidhe annsan go corparrdha.
10 Agus atá sibhse ar bhur iomlíonadh annsan, noch as ceann do huile úachdaranachd agus do na huile chúmhachduibh:
11 Ann a bfuilti mar an gcéudna timchillgearrtha ré timchillghearradh nach láimhdhéunta, ag cur chuirp pheacuidh na féola dhíbh tré thimchillghearradh Chríosd:
12 Ar mbeith díbh adhluice má ráon ris tré bhaisdeadh, ann a ndearnabhair eiseirghe fós má raón ris tré chreideamh oibre Dé, do thóg é súas ó mharbhuibh.
13 Agus do aithbhéodhuigh sé sibhse maille rísion, ar mbeith dhíbh marbh a bpeacaidhibh agus a neamhthimchillghearradh bhur bhféola, ag maitheamh a nuile pheacuidh dhíbh;
14 Ar sgríos sgríbhinne na norduigheadh do bhí ar nadhuighne dhó, agus do bhí contrárrdha dhúinne, do thóg se as a tslighe í, ága greamadh don chroich;
15 Ag fádhbhadh na núachdaránachd agus ná gcúmhachd dó, do thaisbéin sé go follas íad, ar ndul dó ann féín go caithréimeach ós a gcionn.
16 Uime sin ná damhnuigheadh éínneach sibh ar son bhídh, ná dhíghe, ná a dtáobh láe saóire, ná fan ré nuáidh, ná a dtáobh na sabbóideadh:
17 Nach bhfuil achd na sgáile do na neithibh atá chum teachda; achd is lé Críosd an corp.
18 Ná mealladh éunduine sibh a númhlachd inntinne agus a dtabhair onóra dainglibh, dhá sháthadh féin sna neithibh nach bhfacuidh sé ríamh, ar na líonadh go diomhaóin ré hinntinn a cholla féin,
19 Agus nach ccongmhann sé an Ceann, as a bhfághann an corp uile ar mbeith dhó gan uireasbhaidh dlíthuighe ré chéile, tré altuibh, agus tré choimhcheangaltuibh, fás tré fhás Dé.
20 Uime sin má fúarabhair bás má ráon ré Críosd ó chéudthosuighibh an domháin, créd, fá bhfuil sibh mar dhaóinibh chaitheas a mbeatha sa sáoghal, ag leanmhuin dórduighthibh,
21 Ná bean ris; na blais; na láimhsigh;
22 Noch théidh uile a dtruáilleadh ré na gcleachdadh; do réir aitheantadh agus theaguisg na ndaóine?
23 Neithe agá mbí cáil éagna orrtha, sa seirbhís chúmuid daóine úatha féin, agus a númhlachd inntinne, agus a neamhchoigilt an chuirp; ní a nonóir air bith do shásadh na colla.