12 Ar mbeith díbh adhluice má ráon ris tré bhaisdeadh, ann a ndearnabhair eiseirghe fós má raón ris tré chreideamh oibre Dé, do thóg é súas ó mharbhuibh.
13 Agus do aithbhéodhuigh sé sibhse maille rísion, ar mbeith dhíbh marbh a bpeacaidhibh agus a neamhthimchillghearradh bhur bhféola, ag maitheamh a nuile pheacuidh dhíbh;
14 Ar sgríos sgríbhinne na norduigheadh do bhí ar nadhuighne dhó, agus do bhí contrárrdha dhúinne, do thóg se as a tslighe í, ága greamadh don chroich;
15 Ag fádhbhadh na núachdaránachd agus ná gcúmhachd dó, do thaisbéin sé go follas íad, ar ndul dó ann féín go caithréimeach ós a gcionn.
16 Uime sin ná damhnuigheadh éínneach sibh ar son bhídh, ná dhíghe, ná a dtáobh láe saóire, ná fan ré nuáidh, ná a dtáobh na sabbóideadh:
17 Nach bhfuil achd na sgáile do na neithibh atá chum teachda; achd is lé Críosd an corp.
18 Ná mealladh éunduine sibh a númhlachd inntinne agus a dtabhair onóra dainglibh, dhá sháthadh féin sna neithibh nach bhfacuidh sé ríamh, ar na líonadh go diomhaóin ré hinntinn a cholla féin,