16 Uime sin ná damhnuigheadh éínneach sibh ar son bhídh, ná dhíghe, ná a dtáobh láe saóire, ná fan ré nuáidh, ná a dtáobh na sabbóideadh:
17 Nach bhfuil achd na sgáile do na neithibh atá chum teachda; achd is lé Críosd an corp.
18 Ná mealladh éunduine sibh a númhlachd inntinne agus a dtabhair onóra dainglibh, dhá sháthadh féin sna neithibh nach bhfacuidh sé ríamh, ar na líonadh go diomhaóin ré hinntinn a cholla féin,
19 Agus nach ccongmhann sé an Ceann, as a bhfághann an corp uile ar mbeith dhó gan uireasbhaidh dlíthuighe ré chéile, tré altuibh, agus tré choimhcheangaltuibh, fás tré fhás Dé.
20 Uime sin má fúarabhair bás má ráon ré Críosd ó chéudthosuighibh an domháin, créd, fá bhfuil sibh mar dhaóinibh chaitheas a mbeatha sa sáoghal, ag leanmhuin dórduighthibh,
21 Ná bean ris; na blais; na láimhsigh;
22 Noch théidh uile a dtruáilleadh ré na gcleachdadh; do réir aitheantadh agus theaguisg na ndaóine?