3 Ann a bhfuilid na huile ionnmhusa eagna agus éolais folaighe.
4 Achd a deirim so, deagla go meallfadh éunduine sibh ré hóradh bríathar:
5 Oír bíodh nach bhfuilim bhur láthair sa gcoluinn, gidheadh atáim bhur láthair sa sbioruid, ag déunamh gáirdeachais agus ag féuchain bhur nórduighe, agus dhaingne bhur gcreidimh a Gcríosd.
6 Uime sin amhuíl do ghabhabhair an Tíghearna Iósa Críosd chuguibh, siúbhluidh annsan:
7 Ar mbeith dhíbh ar bhur bhfréumhughadh agus ar bhur bhfollamnúghadh ann, agus ar bhur ndaingniughadh sa gcreideamh, do réir mar do theaguisgeadh sibh, ag líonadh ann díbh maille ré breith bhuídheachais.
8 Tabhruidh bhur naire ribh nach meallfuidh éinneach sibh tré fheallsámhnachd agus tré mhealltóireachd dhiomhaíun, do réir thráchduighe na ndaóine, do réir chéudthosuigheadh an dómhuin, agus ní do réir Chríosd.
9 Oír atá a nuile iomláine Dhíaghachda na cómhnuidhe annsan go corparrdha.