7 Ar mbeith dhíbh ar bhur bhfréumhughadh agus ar bhur bhfollamnúghadh ann, agus ar bhur ndaingniughadh sa gcreideamh, do réir mar do theaguisgeadh sibh, ag líonadh ann díbh maille ré breith bhuídheachais.
8 Tabhruidh bhur naire ribh nach meallfuidh éinneach sibh tré fheallsámhnachd agus tré mhealltóireachd dhiomhaíun, do réir thráchduighe na ndaóine, do réir chéudthosuigheadh an dómhuin, agus ní do réir Chríosd.
9 Oír atá a nuile iomláine Dhíaghachda na cómhnuidhe annsan go corparrdha.
10 Agus atá sibhse ar bhur iomlíonadh annsan, noch as ceann do huile úachdaranachd agus do na huile chúmhachduibh:
11 Ann a bfuilti mar an gcéudna timchillgearrtha ré timchillghearradh nach láimhdhéunta, ag cur chuirp pheacuidh na féola dhíbh tré thimchillghearradh Chríosd:
12 Ar mbeith díbh adhluice má ráon ris tré bhaisdeadh, ann a ndearnabhair eiseirghe fós má raón ris tré chreideamh oibre Dé, do thóg é súas ó mharbhuibh.
13 Agus do aithbhéodhuigh sé sibhse maille rísion, ar mbeith dhíbh marbh a bpeacaidhibh agus a neamhthimchillghearradh bhur bhféola, ag maitheamh a nuile pheacuidh dhíbh;