2 Bíodh bhur ndúil sna neithibh atá shúas, agus ní sna neithibh atá air talamh.
3 Oír atá sibh marbh, agus atá bhur mbéatha folaighthe má ráon ré Críosd a Ndía.
4 An tan fhóillséochthar Críosd, ar mbéathainne, foillséochthar sibhse fós an tan sin a nglór má ráon ris.
5 Uime sin claóidhigh bhur mbuill thalmhuidhe, sdríopachas, neamhghloine, fonn colluidhe, ainmhían, agus saint, noch as iodhaládhradh:
6 Tré na dtig díoghaltus Dé ar chloinn na heasúmhlachda:
7 Ann a rabhabhairse fós ag siubhal a nallód, ar mbeith dhíbh ag caitheamh bhur mbeatha ionnta.
8 Achd a nois cuiridh uáibh na neithesi uile; fearg, buirfe, blaisphéime, droichmhéin, comhradh saladh as bhur mbéul.