2 Bíghidh búan a núrnuighe, ag faire innte maille ré breith bhuidheachais;
3 Ag úrnuighthe mar an gcéudna air ar soinne, chum Dé dfosgladh dhoruis na húrlabhra dhúinn, as go laibheóramis rúindíamhair Chríosd, tré a bhfuilim fós a gcuibhrighthibh:
4 As go bhfoillséochuinn í, amhuil as coir dhamh lábhairt.
5 Siúbhluidh go héagnuidhe a dtáobh na druinge atá a muíth, ar mbeith dhíbh ag fúasgladh na haimsire.
6 Bíodh bhur gcomhrádh do ghnáth grásamhuil, ar na thumadh a salann, ionnas go mbíadh a fhios aguibh cionnas as coir dhíbh gach áon do fhreagra.
7 Foillséochuidh Tichicus, dearbhráthair grádhach agus minisdir díleas, agus cómhshearbhfhoghantúidhe sa Dtíghearna, mo chórsa uile dhíbh:
8 Noch do chuir mé chuguibh fá a nádhbhar chéudna, ionnus go mbíadh a fhios aige créd as cor dhaóibh, agus go dtiubhradh furtachd da bhur gcróidhthibhse;