14 Agus do rinneadh féoil don Bhreithir, agus do chomhnuigh sé eadruinne, (agus do chunncamar ghlóirsion, mar ghlóir éingheine Mhic an Athair,) lán do ghrásuibh agus dfírinne.
15 Do rinne Eóin fíadhnuisi dhó, agus do éigh sé, ag rádh, As é so an té air ar labhuir mé, An té thig am dhíaigh ata air na ardugha romham: oír ba táosga é ná misi.
16 Agus do ghabhamar uile chugainn as a lán san, agus grása ar son grás.
17 Oír do tugadh an reach tré Mhaoisi, achd tháinic grása agus fírinne tré Iósa Criosd.
18 Ni fhacaidh neach ar bith Día a riamh; an áoinghein Mhic, atá an uchd a Nathar, as é dfoillsigh é dhúinne.
19 Agus as í so fíadhnuisi Eoin, an tan do chuireadar na Iúdaighe ó Ierusalém sagairt agus Lebhítí do chum go bhfíafróchaidis dé, Cía thusa?
20 Agus dadaimh seision, agus niór shéun sé; dadaimh sé nar bhé féin Criosd.