Eóin 2 BEDELL

Caibidil II

An céud mhirbhuile ag banais Chana, 14 agus céud-ghlanadh an Teampuill, re Hiosa, 23 nach taóbhadh e fein re daoinibh diombúan a gcreidimh.

1 Agus an treas lá do rinneadh pósadh ag Cána na Galilé; agus do bhí máthair Iósa ann:

2 Agus do goireadh Iósa fós agus a dheisciobail, chum an phósda,

3 Agus an tan do thréig fíon, a dubhairt máthair Iósa ris, Ní bhfuil fíon aca.

4 A dubhair Iósa ría, Créud é sin damhsa na dhuitse, a bhean? Ni tháinic múairse fós.

5 A dubhairt a mháthair ris an luchd friothóilmhe, Gidh bé ní déara sé ribh, déunaigh é.

6 Agus do bhádar sé soithighe cloiche ar na gcur ann sin, do réir ghnáthaighe ghlanta na Níudaigheadh, dhá fheircín nó a trí do ghlacadh gach áon aca.

7 A dubhairt Iósa riú, Liónaidh na soithighe so duisge. Agus do líonadar iád go soithe mbrúachaibh.

8 Agus a dubhairt sé riu, Tairrngidh a nois, agus beiridh chum úachdaraín an fhéusda é. Agus rugadar.

9 Agus mar do bhlais úachdarán an fhéusda an tuisge do bhí déunta na fhíon, (agus ní raibh a fhios aige créd as a dtáinic sé: achd do bhi a fhios ag an luchd friothóilmhe do tharraing an tuisge;) do ghoir úachdarán an fhéusda an fear núaphósda chuige,

10 Agus a dubhairt sé ris, Cuiridh gach uile dhuine an fíon maith amach ar tús, agus an tan ibhid dáoine a sáith, ann sin an fíon as measa: achd do choimhéud tusa an fíon maith gus a nois.

11 As é so tosach míorbhuile do rinne Iósa a Gcána na Galilé, agus dfoillsigh sé a ghloír féin; agus do chreideadar a dheisciobail ann.

12 Na dhíaigh sin dó chúaidh sé síos go Capernáum, é féin, agus a mháthair, agus a dhearbhráithreacha, agus a dheisciobail: achd níor fhanadar ann mórán do laéthibh:

13 Oír do bhí cáisg na Niúdaigheadh a bhfogus, Agus do chúaidh Iósa súas go Hierusalém.

14 Agus fuáir sé ann sa teampall luchd reactha damh agus cáorách agus colum, agus luchd malarta an airgid na suidhe:

15 Agus ar ndéunamh sgíursa dhó do chórduighibh caola, do chuir sé amach as a teampoll iád uile, maillé ré na gcáorchaibh, agus ré na ndamhuibh; agus do dhóirt sé amach ionnmhus luchd an airgid, agus do leag sé a mbuird air lár.

16 Agus a dubhairt sé ré luchd reactha an gcolam, Tóguidh iád sin as so, ná déunuidh tigh Mátharsa na thigh ceannuigheachda.

17 Agus do chuimhnigheadar a dheisciobailsean go raibh sgriobhtha, Duáidh éud do thighesi súas mé.

18 Ar a nadhbharsin do fhreagradar na Iúdaidhe, agus a dubhradar ris, Créd é an comhartha thaisbéanas tú dhúinn, fá ndéunann tú na neíthesi?

19 Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé riú, Leagaidh síos an teampoll so, agus tóigéubhuidh misi é a dtrí láethibh.

20 Ar a nadhbharsin a dubhradar na Iuduidhe, Sé bliadhna agus dá fhichead do bhí an teampall so dhá dhéunamh, agus an dtoigéubha tusa a dtrí láethibh é?

21 Achd is air theampoll a chuirp féin do labhair seision.

22 Ar a nadhbharsin an tan do éirigh sé ó mharbhaibh, do chuimhnigheadar a dheisciobail go ndubhairt sé so ríu; agus do chreideadar don sgriobtuir, agus do bhréithir a dubhairt Iósa.

23 Agus ar mbeíth a Niérusalém dhó fá cháisg, lá an fhéusda, do chreideadar mórán an ainmsean, ag faicsin na gcomharthadh do rinne sé.

24 Achd ní tháobhadh Iósa é féin riú, tré gur aithin sé iád uile,

25 Agus tré nach raínig sé a leas neach ar bith do dhéunamh fiádhnuisi air dhuine: oír do bhí a fhios aige féin créd do bhí ann sa duine.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21