1 As misi an fhíneamhuin fhírinneach, agus as críadhuire Mathair.
2 Gach uile ghéug ionnamsa nach dtabhair toradh, gearruidh sé í: agus gach uile ghéug do bheir toradh, glanuidh sé í, do chum go madh móide do bheuradh sí toradh uáithe.
3 A nois atá sibh glan treas an mbréithir do labhair mé ribh.
4 Fanuidh ionnamsa, agus misi ionnuibhsi. Amhail as nach bhféudann an ghéug toradh do thabhuirt uáithe féín, muna bhfana sí sa bhfíneamhuin; is mar sin ní fheudfa sibhse fós, muna bhfantaói ionnamsa.
5 As misi án fhíneamhuin, sibhsi na géuga: Gidh bé fhanus ionnamsa, agus misi annsan, do bheir sé toradh mór: óir gan misi ní héidir libh éainni do dhéanamh.
6 Gidh be nach bhfanfa ionnamsa, teilgfithear amach é mar géig, agus críonfuidh sé; annsin chruinnighid daoine, agus cuirid sa teinigh íad, agus loisgthear íad.
7 Má fhanann sibh ionnamsa, agus má fhanuid mo bhríathrasa ionnuibhse, íarruidh gach ní bhus áill libh, agus do dhéuntar dhaóibh é.
8 As so do gheibh Mathairsi glóir sibhsi do thabhairt móráin toraidh; agus bheithí bhur ndeisciobluibh agamsa.
9 Mar do ghrádhuigh misi sibhsi: fanuidh am ghrádhsa.
10 Má choimhéudtaói maitheanta, fanfuidhe am grádh; mar do choimhéud misi aitheanta Mathar, agus fanuim ann a ghrádh.
11 A dubhairt mé na neithe so ribh, ionnus go bhfanfeadh mo gháirdeachus ionnuibh, agus go mbiadh bhur ngairdeachus lán.
12 As í so máithnesi, sibhsi do ghrádhughadh a cheile, mar do ghrádhaigh misi sibhsi.
13 Ní bhfuil grádh as mó ná so ag éinneach, ná a anam féin do thabhairt ar son a charad.
14 Is sibhsi mo cháirdesi ma níthí gach ní dá náithnighim dhibh.
15 Uadh so súas ní ghoirfe mé searbhfhoghantuidhe dhíbh, óir ní bhfuil a fhios ag an tsearbhfhoghantuidh créud do ní a thighearna: achd do ghoir mé cáirde dhibh; óir na huile neithe do chúaluidh mé ó Mathair, do léig mé a bhfios chugaibhsi.
16 Ní sibhsi do thog misi, achd misi do thogh sibhsi, agus do chuir mé sibh, ionnus go nimtheochadh sibh agus go dtiubhradh sibh toradh, agus go bhfanfadh bhur dtoradh: ar chor gidh bé ní íarrfuidhe a mainmsi ar a Nathair, go dtiobhradh se dhibh é.
17 Aithnighim na neithesi dhíbh, do chum grádha do bheith aguibh féin dá chéile.
18 Má fhúathuigheann an sáoghal sibh, bíodh a fhios aguibh gur fhúathaigh sé misi romhuibh.
19 Da mádh don tsáoghal sibh, do ghraidhéochadh an sáoghal a chuid féin: gidheadh ar son nach don tsáoghal sibh, achd gur thogh misi sibh as a tsáoghal, ar a nadhbharsin atá fúath ag an tsáoghal daóibh.
20 Cuimhnighidh ar an mbreithir a dubhairt mé ribh, Ní mó an searbhfhoghantaidh ná a mhaighisdir. Má ghérleanadar misi, gérleanfuid sibhsi mar an gcéudna; má choimhéudadar mo bhríatharsa, coimhéudfuid bhur mbriatharsa mar an gcéadna.
21 Achd do dhéunuid síad na neithesi uile ribh ar son manmasa, do bhrigh nach bhfuil fios an tí ó a dtáinig mé aca.
22 Muna bheith go dtáinig mé agus gur labhuir mé ríu, ní bhíadh peacadh orra: achd a nois ní bhfuil leisgéul a bpeacuidh aca.
23 Gidh bé agá bhfuil fúath dhámhsa, fúathuighidh sé Mathair mar an gcéadna.
24 Muna dhéarnuinn oibreacha na measg nach dearna neach ar bithe eile, ní bhíadh peacadh orra: achd a nois do chunncadar agus fós do fhúathuigheadar misi, agus Mathair.
25 Achd do rinneadh so ionnus go gcoimhlíonfuidhe an rádh atá sgriobhtha ann a ndligheadh féin. Do fhúathaigheadar mé gan adhbhar.
26 Achd an tan thiocfas an Comhfhurtuightheóir noch chuirfeas misi chugaibh ón Athair, Spiorad na firinne, thig ón Athair, do dhéuna sé fiadhnuisi am thimcheallsa:
27 Agus do dhéuntaoísi fíadhnuisi leis, óir atáthaói ma fhochuir ó thus.