16 Agus do ghabhamar uile chugainn as a lán san, agus grása ar son grás.
17 Oír do tugadh an reach tré Mhaoisi, achd tháinic grása agus fírinne tré Iósa Criosd.
18 Ni fhacaidh neach ar bith Día a riamh; an áoinghein Mhic, atá an uchd a Nathar, as é dfoillsigh é dhúinne.
19 Agus as í so fíadhnuisi Eoin, an tan do chuireadar na Iúdaighe ó Ierusalém sagairt agus Lebhítí do chum go bhfíafróchaidis dé, Cía thusa?
20 Agus dadaimh seision, agus niór shéun sé; dadaimh sé nar bhé féin Criosd.
21 Agus dfíafruigheadar dhe, Créd eile? An tú Elías? Agus a dubhairt seision, Ní mé. An faídh thú? Agus do fhréagair seision, Ní headh.
22 Ar a nadhbharsin a dubhradar ris, Cía thú, ionnus go dtiobhramáois freagra ar an muinntir do chuir úatha sinn. Créd a deir tú ad thimcheall féin?