25 Agus dfíafruigheadar dheasean, agus a dubhradar ris, Ar a nadhbharsin créd fá ndéunann tú baisdeadh, muna tú Críosd, nó Elías, nó an fáidh úd?
26 Do fhreagair Eóin dóibh, ag rádh, Baisdimsi lé huisge: achd atá na sheasamh an bhur lársa, an té nach aithne dhíbh.
27 A sé so, an té thig am dhíaighse do bhí romham, ag nach fhiú mé íallach a bhróg do sgáoileadh.
28 Do rinneadh na neithese a Mbetábara, ar a táobh thall do Iordán, an áit an ar bhaisd Eóin.
29 An lá na dhíaigh sin do chunnairc Eóin Iósa ag teachd chuige féin, agus a dubhairt sé, Féuch Uan Dé, thógbhas peacadh an domhain.
30 Ag so an té air ar labhair mé, Thig am dhiáighsi neach do bhi romhan: oír bá táosga é na misi.
31 Agus ní raibh aithne agumsa air: achd ionnus go mbíadh sé follus Disraél, as uime sin tháinic mísi ag baisdeadh lé huisge.