32 Agus do rinne Eóin fíadhnuisi, ag radh, Do chunnairc mé an Spiorad ag tuirling amhail cholam ó neamh, agus do chomhnuidh sé airsion.
33 Agus níor aithin misi é: achd an té do chuir mé do bhaisdeadh lé huisge, as é a dubhairt rium, Gidh bé ar a bhfaicfe tú an Spiorad ag tuirrling, agus ag comhnuighe, sé sin an té bhaisdeas leis an Spiórad Náomh.
34 Agus do chunnairc misi, agus do ním fíadhnuisi gur ab é so Mac Dé.
35 An lá na dhíaigh sin a rís do sheas Eóin, agus diás dá dheiscioblaibh;
36 Agus ar bhfaicsin Iósa ag siobhal. A dubhairt sé; Féuch Uan Dé!
37 Agus do chúaladar an dís deisciobal é ag labhairt, agus do leanadar Iósa.
38 Agus ar bhfilleadh Díosa, agus ar ná bhfaicsinsean dhá léanmhuin féin, a dubhairt sé riú, Créud atá sibh íarraigh? Agus a dubhradarsan ris, Rabbi (sé sin ré rádh, ar na eidirmhíniughadh, A Mhaighisdir,) gá a ccomhnuigheann tú?