35 An lá na dhíaigh sin a rís do sheas Eóin, agus diás dá dheiscioblaibh;
36 Agus ar bhfaicsin Iósa ag siobhal. A dubhairt sé; Féuch Uan Dé!
37 Agus do chúaladar an dís deisciobal é ag labhairt, agus do leanadar Iósa.
38 Agus ar bhfilleadh Díosa, agus ar ná bhfaicsinsean dhá léanmhuin féin, a dubhairt sé riú, Créud atá sibh íarraigh? Agus a dubhradarsan ris, Rabbi (sé sin ré rádh, ar na eidirmhíniughadh, A Mhaighisdir,) gá a ccomhnuigheann tú?
39 A dubhairt sé riú, Tigidh agus féuchaidh. Tangadar agus do chunncadar an tionad a gcomhnuigheadh seisean, agus dfanadar aige an lá sin: do bhí an úair sin timcheall a deich.
40 Agus do bé Aindrías, dearbhráthair Shiomoin Peadair, fear don dís do bhí ag eisdeachd ré Heóin, agus do lean eisean.
41 A sé so fúair a dhearbhrathair féin Siomón, agus a dubhairt sé ris, Fúaramar an Messias, as sé sin, ar na eidirmhiniughadh, an Críosd.