40 Agus do bé Aindrías, dearbhráthair Shiomoin Peadair, fear don dís do bhí ag eisdeachd ré Heóin, agus do lean eisean.
41 A sé so fúair a dhearbhrathair féin Siomón, agus a dubhairt sé ris, Fúaramar an Messias, as sé sin, ar na eidirmhiniughadh, an Críosd.
42 Agus rug sé chum Iósa é. Agus ar bhféuchain Díosa air, a dubhairt sé, As tusa Siomón mac Ióna: goirfidhear Céphas díot, dár ab ciall, Carraig.
43 Ar na mhárach bá mían lé Híosa dul don Ghalilé, agus fuáir sé Philib, agus a dubhairt sé ris, Lean misi.
44 Agus do budh as Betsaída Philib, cathair Aindrías agus Pheadair.
45 Fuáir Philib Natánael, agus a dubhairt sé ris, An té air ar sgríobh Máoisi ann sa reachd, agus na fáidhe, fúaramar é, Iósa ó Násarér, mac Ióseph.
46 Agus a dubhairt Natánael ris, An éidir ní maith air bith bheith ó Násarét? A dubhairt Philib ris, Tar agus féuch.