43 Ar na mhárach bá mían lé Híosa dul don Ghalilé, agus fuáir sé Philib, agus a dubhairt sé ris, Lean misi.
44 Agus do budh as Betsaída Philib, cathair Aindrías agus Pheadair.
45 Fuáir Philib Natánael, agus a dubhairt sé ris, An té air ar sgríobh Máoisi ann sa reachd, agus na fáidhe, fúaramar é, Iósa ó Násarér, mac Ióseph.
46 Agus a dubhairt Natánael ris, An éidir ní maith air bith bheith ó Násarét? A dubhairt Philib ris, Tar agus féuch.
47 Do chunnairc Iosa Natánael ag teachd chuige, agus do labhair sé agus adir úime, Féuch an Tisraélach fírinneac ann nach bhfuil meabhuil!
48 A dubhairt Natánael ris, Cionnas aithnigheas tú mé? do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, Ní as táosga ná ghoir Philib thú, an tráth do bhí tú fáoi an gcrann fíge, do chunnairc me thú.
49 Do fhreagair Natánael agus a dubhairt sé ris, Rabbi, as tusa Mac Dé; as tú Rí Israél.