48 A dubhairt Natánael ris, Cionnas aithnigheas tú mé? do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, Ní as táosga ná ghoir Philib thú, an tráth do bhí tú fáoi an gcrann fíge, do chunnairc me thú.
49 Do fhreagair Natánael agus a dubhairt sé ris, Rabbi, as tusa Mac Dé; as tú Rí Israél.
50 Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, Tré go ndubhairt mé riot, Do chunnairc mé thú fáoi an gcrann fíge, an gceideann tú? do chífi tú neithe as mó ná iád so.
51 Agus a dubhairt sé ris, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Go bhfaicfidhe ó so amach neamh osgailté, agus aingil Dé ag dul súas agus ag teachd a núas ar Mhac an duine.