9 Do bé so an Solus fírinneach, shoillsigheas gach uile dhuine dá dtig ar a tsáoghal.
10 Do bhí se air a tsáoghal, agus trídsean do rinneadh an sáoghal, achd níor aithin sáoghal é.
11 Dionnsuighe a choda féin tháinic sé, agus níor ghabhadar a dháoine féin chuca é.
12 Achd an mhéid do ghabh chuca é, tug sé cumhachda dhóibh bheith na gcloinn ag Día, eadhon don droing chreideas ann a ainmsean:
13 Nach bhfuil ar na ngeineamhain ó fhuil, ná ó thoil na colla, ná ó thoil fir achd ó Dhía.
14 Agus do rinneadh féoil don Bhreithir, agus do chomhnuigh sé eadruinne, (agus do chunncamar ghlóirsion, mar ghlóir éingheine Mhic an Athair,) lán do ghrásuibh agus dfírinne.
15 Do rinne Eóin fíadhnuisi dhó, agus do éigh sé, ag rádh, As é so an té air ar labhuir mé, An té thig am dhíaigh ata air na ardugha romham: oír ba táosga é ná misi.