1 Agus do bhó óglach áirighe tinn, dar bhainm Lásarus, ó Bhetánia, baile Mhuire agus Mhartá a deirbhsheathrach.
2 (Agus do bí an Muire do ong an Tighearna lé huinnement, agus do thiormuigh a chosa lé na grúaig, dar dhearbhrathair Lásarus do bhí tinn.
3 Uime sin do chuireadar a dheirbhsheathracha fios chuigesion, ag rádh, A Thighearna, féuch, atá an té as ionmhuin leachd tinn.
4 Agus ar na chloisdin sin Díosa, a dubhairt sé, Ní bhfuil an téagruás so chum báis, achd chum glóire Dé, do chum go bhfuigheadh Mac Dé glóir dhá tháoibh.
5 Agus dob ionmhuin lé Híos Martá, agus a deirbhshíur, agus Lásarus.
6 Uime sin mar do chúaluidh sé go raibh sé éugcrúaidh, dfan sé fós dhá lá na chomhnuidhe ann sa náit a raibh sé.
7 Agus tar éisi sin a dubhairt sé ré na dheiscioblaibh, Déunam a ris go tir Iúdaidhe.