11 A dubhairt sé na neitheses, agus na dhiáighsin a dúbhairt sé riú, Atá ar gcara Lásarus na chodladh; achd atáimse ag dul, dá dhúsachd as a chodladh.
12 Ann sin a dubhradar a dheisciobail, A Thighearna, má tá sé na choladh, biáidh sé slán.
13 Gidheadh as a dtimcheall a bháis do labhuir Iósa: achd do sháoileadarsan gur a dtimcheall a shúain chodalta do labhair sé.
14 Uime sin a dubhairt Iósa an tan sin ós áird riú, Fúair Lásarus bás.
15 Agus atá lúathghair oram air bhur sonsa, (do chum go gcreidfeadh sibh) nach raibh mé a lathair ann sin; achd déanam chuige.
16 Ar a nadhbharsin a dubhairt Tomás, ré ráidhtear Didimus, ré na choimhdheisciobluibh, Déanaimne leis, dfagháil bháis na fhárradh.
17 Uime sin tháinig Iósa, agus fúair sé é ar gcaitheamh cheithre lá cheana ann sa túama.