13 Gidheadh as a dtimcheall a bháis do labhuir Iósa: achd do sháoileadarsan gur a dtimcheall a shúain chodalta do labhair sé.
14 Uime sin a dubhairt Iósa an tan sin ós áird riú, Fúair Lásarus bás.
15 Agus atá lúathghair oram air bhur sonsa, (do chum go gcreidfeadh sibh) nach raibh mé a lathair ann sin; achd déanam chuige.
16 Ar a nadhbharsin a dubhairt Tomás, ré ráidhtear Didimus, ré na choimhdheisciobluibh, Déanaimne leis, dfagháil bháis na fhárradh.
17 Uime sin tháinig Iósa, agus fúair sé é ar gcaitheamh cheithre lá cheana ann sa túama.
18 Agus do bhí Betánia a bhfogus Díarusalém, a ttimcheall chuig sdáide dég:
19 Agus tangadar mórán do na Iúdaidhibh chum Martá agus Muire, dá gcomhfhurtachd fá na ndearbhráthair.