16 Ar a nadhbharsin a dubhairt Tomás, ré ráidhtear Didimus, ré na choimhdheisciobluibh, Déanaimne leis, dfagháil bháis na fhárradh.
17 Uime sin tháinig Iósa, agus fúair sé é ar gcaitheamh cheithre lá cheana ann sa túama.
18 Agus do bhí Betánia a bhfogus Díarusalém, a ttimcheall chuig sdáide dég:
19 Agus tangadar mórán do na Iúdaidhibh chum Martá agus Muire, dá gcomhfhurtachd fá na ndearbhráthair.
20 Agus mar do chúalaidh Martá, go raibh Iosa ag teachd, do chúaidh sin a airchis: achd do fhan Muire na súidhe a sdigh.
21 Uime sin a dubhairt Marta ré Iósa, A Thighearna, dá mbeithéasa ann so, ní bhfuigheadh mo dhearbhráthairsi bás.
22 Achd atá a dheimhin agam, a nois mar an gcéadna, gidh bé ní íarrfus tú ar Dhía, go ttiobhra Día dhuit é.