21 Uime sin a dubhairt Marta ré Iósa, A Thighearna, dá mbeithéasa ann so, ní bhfuigheadh mo dhearbhráthairsi bás.
22 Achd atá a dheimhin agam, a nois mar an gcéadna, gidh bé ní íarrfus tú ar Dhía, go ttiobhra Día dhuit é.
23 A dubhairt Iósa ria, Eiréochuidh do dhearbhráthair a rís.
24 A dubhairt Martá ris, Atá a fhios agam go néiréocha sé ann sa neiseirghe an lá déigheanach.
25 A dubháirt Iósa ría, Is misi a neiséirghe, agus an bheatha: gidh be chreideas ionnam, dá mbeith go mbiadh sé tár éis bháis, mairfidh sé:
26 Agus gidh bé mhaireas agus chreideas ionnamsa ní bhfuighe sé bás go bráth. An gcreideann tú so?
27 A dubhairt sis iris, Aseadh, a Thighearna: do chréid mé gur tusa Críosd, Mac Dé, tháinic air an tsáoghalso.