37 A dubhradar cuid díobh, A né nach bhféudfadh an fear so, dosgail súile an doill, a thabhairt fá deara mar an gcéadna, nach bhfuigheadh an fearso bás?
38 Uíme sin tháinig Iósa agus é a rís ag osnaidhe ann féin, chum an túama. Agus dob uáimh é, agus cloch ar na cur ós a chionn.
39 A dubhairt Iósa, Tóghuidh an chloch. A dubhairt Martá, derbhshíur an duine mhairbh, ris, A Thighearna, atá drochbhaladh a nois air: óir atá ceithre lá ó fúair sé bás.
40 A dubhairt Iósa ría, Nach dubhairt mé riot, má chreideann tú, go bhfaicfe tú glóir Dé?
41 Uime sin do thógbhadar an chloch don áit a raibh an duine marbh curtha. Agus do thóg Iósa a shúile súas, agus a dubhairt sé, A Athair, do bheirim buidheachus duit do bhrígh gur éisd tú rium.
42 Agus atá a dheimhin agam go gcluin tú mé do ghnáth: achd ar son an phobail atá na seasamh am thimcheall a dubhairt mé so, ionnus go gcreidfidís gur tusa chuir uáit mé.
43 Agus tar éis so do rádh dhó, a dubhairt sé do ghuth ard, A Lásaruís, tárr amach.