47 Ar a nadhbharsin do chruinnigheadar uáchdaráin na sagart agus na Phairisínigh comhairle, agus a dubhradar, Créd do dhéanam? óir as iomdha míorbhuile do ní an fear so.
48 Má fhuilngemíd é mar só, creidfidh na huile dháoine ann; agus tiocfaid na Rómhánuigh agus sgriosfuid síad ar náit agus ar gcineadh.
49 Ann sin fear áirighe dhíobhsan, Cáiphas, ar mbeith dhó na árdshagart an bhlíadhnuinsin, a dubhairt sé ríu, Ní thuigthísi ní ar bith,
50 Agus ní smuáintighthí gur ab oireamhnach, go bhfuigheadh áonduine amháin bás ar son an phobuil, agus gan an cineadh uile do sgrios.
51 Gidheadh ní úadh féín a dubhairt sé so: achd ar mbeith dhó na árdsagart an bhlíadhuinsin, do thairrghir sé go bhfuigheadh Iósa bás ar son an chinidh;
52 Agus ní ar son an chinidhsin amhain, achd fós do chum go gcruinneochadh sé a cceann a chéile clan Dé do bhí ar na leathnughadh.
53 Uime sin ón lá sin amach do bhádar ag comhairliughadh ré chéile eisean do mharbhadh.