52 Agus ní ar son an chinidhsin amhain, achd fós do chum go gcruinneochadh sé a cceann a chéile clan Dé do bhí ar na leathnughadh.
53 Uime sin ón lá sin amach do bhádar ag comhairliughadh ré chéile eisean do mharbhadh.
54 Ar a nadhbharsin níor shiobhail Iósa ó sin súas go follus a measg na Níudaidheadh; achd do chuáidh sé asa sin don tír do bhí a bhfogus don fhásach, go cathruigh ré a ráidhtear Ephrem, agus do chomhnuidh sé ann sin a bhfochair a dheisciobal.
55 Agus do bhí cáisg na Níuduidheadh a bhfogas dóibh: agus do imthigheadar mórán as a tírsin súas go Híarusalém roimh cháisg, da nglanadh féin.
56 Uime sin díarradar Iósa, agus do labhradar eatarra féin, na seasamh annsa teampoll, Créd chithear dháoibhse, tré nach dtig sé chum an fhéusda?
57 Agus tugadar na hárdsagairt agus na Phairisínigh áithne, gidh bé ar bith do geabhadh a fhios gá háit a raibh sé, a innisin, do chum go mbéuraidís air.