1 Ann sin tháinig Iósa sé lá roimh cháisg go Bethánia, mar a raibh Lásarus noch do bhí marbh, noch do dhúisigh seisean ó mharbhuibh.
2 Uime sin do rinneadar suiper dhó ann sin; agus do bhí Martá ag friothólamh: achd do bhí Lásarus na áon don mhuinntir do shuidh na fharradh ar an mbórd.
3 Ann sin do ghlac Muire punta duinnement náird fhírinnigh, roúasail, agus do ung si cosa Iósa, agus do thiorrmuigh sí a chosa lé na grúaig: agus do bhí an teach ar na líonadh do bhaladh na huinnemeinte.
4 A dubhairt áon dá dheisciobluibhsean, Iúdas Iscáriot mac Shimóin, noch do bhí ar tí eísion do bhrath,
5 Créd fá nar díoladh a nuinnementse ar thrí chéud pighinn, agus a dtabhairt do na bochduibh?
6 Gidheadh a dubhairt seision so, ní hé go raibh suim aige ann sna bochdaibh; achd ar son gur ghaduidhe é, agus gur ab aige do bhí an sparán, agus gur ab é diomchradh an ní do chuirthí ann.
7 Uime sin a dubhairt Iósa, Léig dhi: fá chomhair láethe madhluicthe do thaisgidh sé so.