11 Do bhrígh gur imthiodar mórán do na Iúdaidhibh air a shonsan, agus gur chreideadar a Níosa.
12 Achd ar na mhárach mórán dáoine dá dtáinig chum an fhéusda, an tan do chuáladar go raibh teachd Iósa go Hiarusalém,
13 Do ghlacadar géuga pailme, agus do chuádar a mach do theagmháil air, agus do éighmheadar, Hosanna: As beannaighthe an té thig a nainm an Tighearna Rí Isráel.
14 Agus ar bhfagháil asail, Díosa, do shuidh sé air; mar ata sgríobhtha,
15 Ná bíodh eagla ort, a inghean Shióin: féuch, atá do Rí ag teachd, na shuidhe ar searrach asail.
16 Achd níor thuigeadar a dheisciobail na neither so ar tús: gidheadh an tan do ghlórughadh Iósa, ann sin do chuimhnigheadar go rabhadar na neithesi sgriobhtha air, agus go ndéarnadar na neithe so dhó.
17 Uime sin do rinne an pobal do bhí na fharradh fíadhnuisi dhó, do bhrígh gur ghoir sé Lasarus as an uáigh, agus gur dhúisigh sé é ó mharbhuibh.