20 Agus do bhí dream áirighe do na Gréugachuibh a measg na muinntire do chúaidh súas do dhéanamh seirbhisí do Dhía san bhféusda:
21 Agus tangadar dionnsuighe Philib, noch do bhí ó Bhetsaida na Galilé, agus diarradar air, ag rádh, A mhaighistir as mían linn Iósa dfaicsin.
22 Táinig Philib agus dinnis sé Dhaindrías: agus a rís dinnís Aindrías agus Philib Díosa é.
23 Agus do fhreaguir Iósa íad, ag rádh, Tháinig an úair, ionnus go bhfuigheadh Mac an duine glóir.
24 Go deimhin, deimhin, a deirim ribh Muna bhfagha an gráinne cruithneachda thuiteas ann sa talamh bás, fanuidh sé na áonar: achd má gheibh sé bás, do bhéir sé toradh mór úadh.
25 Gidh bé ghrádhuigheas a anam féin caillfidh sé é; agus gidh bé fhuáthuigheas a anam féin ar an sáoghalso coimhéudfaidh sé é chum na beatha marthanuighe.
26 Gidh bé ní seirbhís damhsa, leanadh sé mé; agus mar a mbía misi, bíaidh mo sheirbhiseach ann mar an gcéadna: gidh bé dhéanas seirbhís damh, bhéura Mathair onóir dhó.