26 Gidh bé ní seirbhís damhsa, leanadh sé mé; agus mar a mbía misi, bíaidh mo sheirbhiseach ann mar an gcéadna: gidh bé dhéanas seirbhís damh, bhéura Mathair onóir dhó.
27 Atá manam buáidheartha a nois; agus créd a déura me? A Athair, sáor mé ó nuáirsi: achd as chuige so tháinig mé chum na huairesi.
28 A Athair, tabhair glóir dod ainm feín. Uime sin tháinig guth ó neamh, Tugas glóir, agus do bhéur glóir dhó a ris.
29 Uime sin an drong, do bhi na seasamh a lathair, agus do chúaluidh so, a dubhradar gur toírrneach do bhi ann: a dubhairt cuid eile, Gur baingeal dolab hair ris.
30 Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé, Ní arm o shonsa tháinig an gúthsa, achd ar bhur sonsa.
31 A nois atá breitheamhnus an tsáoghailsi a lathair: a nois teilgfidhear amach úachdarán an tsaoghailsi.
32 Agus misi, má thóghthar súas ón talamh mé, tairéongaidh mé a nuile dhuine chugam féin.