45 Agus gidh bé chí misi do chí sé an té do chuir uadh mé.
46 Táinig mé mar sholus chum an tsáoghail, ionnus gidh bé chreideas ionnam nach déanadh sé comhnuidhe a ndorchadas.
47 Agus gidh bé neach éisdeas mo bhríathra, agus nach ccreidfe íad, Ní dháorfa misi é: óir ní tháinig mé do dhamnughadh an domhain, achd do shlánughadh an domhain.
48 Gidh bé dhíultus mé, agus nach gabhann chuige mo bhríathra, atá aige neach dháorus é: an bhríathar do labhair mé, as í dháorfus é sa ló deigheanach.
49 Oír níor labhair misi úaim féin, achd an Tathair ó dtáinig mé, tug sé áithne dhamh, créd as cóir dhamh aradh, agus creud as coir dhamh a labhairt.
50 Agus atá a dheimhin agam gur beatha mharrthanach a áithnesion: Ar a nadhbharsin na neithe a deirimsi, is amhluidh a deirim íad mar a dubhairt an Tathair ríum.