21 Ar na rádh so Díosa, do bhí sé buaidheartha na sbioraid, agus do rinne sé fínne, agus a dubhairt sé, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, go mbraithfi áon dáoibh misi.
22 Uime sin dféuchadar na deisciobail ar a chéile, ag déunamh amharuis cía air ar labhuir sé.
23 Agus do bhí áon dá dheisciobluibh na luidhe a nuchd Iósa, noch dob ionmhuin leis.
24 Ar a nadhbharsin do sméid Síomón Peadár ar an bhfearsin, do chum go bhfiafróchadh se cía ar labhair sé.
25 Ann sin ar gcláonadh dhósan a nuchd Iósa, a dubhairt sé ris, A Thighearna, cía hé?
26 Do fhreaguir, As é an té, dhá dtiobhra misi greim aráin, déis a thumtha. Agus ar na thuma thug sé an greim do Iúdás Iscaríot mhac Síomóin.
27 Agus tar éis an ghreama annsin do chúaidh an Táidhbherseóir a steach ann san. Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris, Gidh bé ní atá tú dhéanamh, déuna go tapaidh é.