1 Na buáidhearthar bhur gcroidhesi: creidídh a Ndía, agus creidídh ionnamsa.
2 As iomdha tíaghais a dtigh Matharsa: agus muna mbeith, dinnéosuinn dháoibh é. Atáim ag dul dullmhughadh áite dháoibh.
3 Agus ma imthighim dullmhughadh áith dháoibh, tiocfaidh mé a rís, agus géubhuidh mé sibhsi chugam fein; ionnus mar a bhfuilimsi, go mbía sibhse fós ann.
4 Agus atá fhios aguibhsi gá háit a dtéighimsi, agus atá éolus na sligheadh aguibh.
5 A dubhairt Tomás ris, A Thighearna, ní feas dúinne gá háit a dteid tú; agus cionnas as éidir linn éolus na sligheadh do bheith aguinn?