10 An né nach ccreideann tú go bhfuilimsi ann sa Nathair, agus an Tathair ionnamsa? na briathra labhrum ribhse, ní uáim féin labhruim íad: achd an Tathair, atá na chomhnuidhe ionnam, as é do ní na hoibreacha.
11 Creididh mé go bhfuilimsi ann sa Nathair, agus an Tathair ionnumsa: ní as lugha dhe creididh dhamh ar son noibreacha féin.
12 Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé chreidéas ionnamsa, do dhéuna se na hoibreacha nímsi; agus do dhéuna sé oibreacha as mó ná íad; oir atáimsi ag dul dionsuighe Mathar.
13 Agus gidh bé ní íarrfuidhe am ainmsi, do dhéuna misi sin: do chum go ndéanfaidh an Tathair glórughadh ann sa Mhac.
14 Má íarrthaói ní ar bith a mainmsi, do dhéuna misi é.
15 Más ionmhuin libh misi, coimhéuduidh maitheanta.
16 Agus guidhfidh misi an Tathair, agus do bhéura sé Comhfhurtuifhtheóir eile dhaóibh, ionnus go bhfanfadh sé bhur bhfochair go bráth;