15 Más ionmhuin libh misi, coimhéuduidh maitheanta.
16 Agus guidhfidh misi an Tathair, agus do bhéura sé Comhfhurtuifhtheóir eile dhaóibh, ionnus go bhfanfadh sé bhur bhfochair go bráth;
17 Spiorad na fírinne; noch nach bhféudan an sáoghal do ghabháil, ar a nadhbhar nach bhfaiceann sé é, agus nach aithnigheann sé é: achd aitheantaóisi é; óir fanuidh sé aguibh, agus biaidh sé ionnuibh.
18 Ní bhfuigfe mé bhur ndílleachduibh sibh: tiucfa mé chugaibh.
19 Tamall beag fós, agus ní fhaicfe an sáoghal feasda mél achd do chífidhísi mé: do bhrígh go bhfuilimsi béo, beithisi béo mar an gcéadna.
20 An sa lá sin áitheontaói go bhfuilímsi sa Nathair, agus sibhsi ionnama, agus misi ionnuibhsi.
21 Gidh bé agá bhfuilid maitheantasa, agus choimhéadas íad, as é sin ghrádhuigheas misi: agus gidh be ghrádhuigheas mise gráidhéochaidh Mathair eisean, agus gráidhéochuidh misi é, agus foillseochad mé féin dó.