3 Agus ma imthighim dullmhughadh áith dháoibh, tiocfaidh mé a rís, agus géubhuidh mé sibhsi chugam fein; ionnus mar a bhfuilimsi, go mbía sibhse fós ann.
4 Agus atá fhios aguibhsi gá háit a dtéighimsi, agus atá éolus na sligheadh aguibh.
5 A dubhairt Tomás ris, A Thighearna, ní feas dúinne gá háit a dteid tú; agus cionnas as éidir linn éolus na sligheadh do bheith aguinn?
6 A dubhairt Iósa ris, As misi an tslighe, agus a nfírinne, agus a bheatha: ní thig áonduine chum a Nathar, achd tríomsa.
7 Dá madh aithnidh dháoibh misi, dob aithne dhíbh Máthair mar an gcéadna: agus as aithnidh dháoibh a nois é, agus do chunncabhair é.
8 A dubhairt Philib ris, A Thighearna, taisbén an Tathair dhúinn, agus is lór linn é.
9 A dubhairt Iósa ris, An bhfuilim a nfasda dhaimsir bhur bhfochair, agus nach aithnidh dhuit mé, a Philib? gidh bé chunnairc Misi, do chunnairc sé an Tathair, agus cionnas a deir tusa, Taisbén duinn an Tathair?