16 Ní sibhsi do thog misi, achd misi do thogh sibhsi, agus do chuir mé sibh, ionnus go nimtheochadh sibh agus go dtiubhradh sibh toradh, agus go bhfanfadh bhur dtoradh: ar chor gidh bé ní íarrfuidhe a mainmsi ar a Nathair, go dtiobhradh se dhibh é.
17 Aithnighim na neithesi dhíbh, do chum grádha do bheith aguibh féin dá chéile.
18 Má fhúathuigheann an sáoghal sibh, bíodh a fhios aguibh gur fhúathaigh sé misi romhuibh.
19 Da mádh don tsáoghal sibh, do ghraidhéochadh an sáoghal a chuid féin: gidheadh ar son nach don tsáoghal sibh, achd gur thogh misi sibh as a tsáoghal, ar a nadhbharsin atá fúath ag an tsáoghal daóibh.
20 Cuimhnighidh ar an mbreithir a dubhairt mé ribh, Ní mó an searbhfhoghantaidh ná a mhaighisdir. Má ghérleanadar misi, gérleanfuid sibhsi mar an gcéudna; má choimhéudadar mo bhríatharsa, coimhéudfuid bhur mbriatharsa mar an gcéadna.
21 Achd do dhéunuid síad na neithesi uile ribh ar son manmasa, do bhrigh nach bhfuil fios an tí ó a dtáinig mé aca.
22 Muna bheith go dtáinig mé agus gur labhuir mé ríu, ní bhíadh peacadh orra: achd a nois ní bhfuil leisgéul a bpeacuidh aca.