23 Gidh bé dhá maithfidh sibh a bpeacaidh, atáid síad maithfeadh aca; agus gidh bé peacaidh choingéubhtháoi, atáid síad congbhaithe.
24 Achd ní raibh Tomás, ré a ráitear Didimus, áon don dá fhear dhéug, na bhfochair a nuáir tháinig Iósa.
25 Ar a nadhbharsin a dubhradar na deisciobail eile rís, Do chunncamairne an Tighearna. Agus a dubhairt seision ríu, Muna bhfaice misi lórg na dtairrngeadh ann a lámhuibh, agus muna gcuire mé mo mhéur a náit na dtairrngeadh, agus muna ccuire mé mo lámh ann a tháobh, ní chreidfe mé.
26 Agus a gcionn óchd lá na dhiaigh sin do bhádar a dheisciobail a rís a stigh, agus Tomás na bhfochair: Táinig Iósa, ar mbeith do na dóirsibh dúnta, agus do sheas sé ann a lár, agus a dubhairt sé, Síothcháin maille ribh.
27 Na dhiaigh sin a dubhairt sé ré Tomás, Cuir do mhéur ann so, agus féuch mo lámha; agus tabhair do lámh leachd, agus cuir ann mo tháobh í: agus na bí míchreidmheach, achd créidmheach.
28 Agus do fhreagair Tomás agus a dubhairt sé rís, Mo Thighearna agus mo Dhia.
29 A dubhairt Iósa rís, Ar son go bhfacaidh tú mé, A Thomáis, do chreid tú: as beannaighthe na dáoine nach bhfacaidh, agus do chreid.