25 Ar a nadhbharsin a dubhradar na deisciobail eile rís, Do chunncamairne an Tighearna. Agus a dubhairt seision ríu, Muna bhfaice misi lórg na dtairrngeadh ann a lámhuibh, agus muna gcuire mé mo mhéur a náit na dtairrngeadh, agus muna ccuire mé mo lámh ann a tháobh, ní chreidfe mé.
26 Agus a gcionn óchd lá na dhiaigh sin do bhádar a dheisciobail a rís a stigh, agus Tomás na bhfochair: Táinig Iósa, ar mbeith do na dóirsibh dúnta, agus do sheas sé ann a lár, agus a dubhairt sé, Síothcháin maille ribh.
27 Na dhiaigh sin a dubhairt sé ré Tomás, Cuir do mhéur ann so, agus féuch mo lámha; agus tabhair do lámh leachd, agus cuir ann mo tháobh í: agus na bí míchreidmheach, achd créidmheach.
28 Agus do fhreagair Tomás agus a dubhairt sé rís, Mo Thighearna agus mo Dhia.
29 A dubhairt Iósa rís, Ar son go bhfacaidh tú mé, A Thomáis, do chreid tú: as beannaighthe na dáoine nach bhfacaidh, agus do chreid.
30 Agus do rinne Iósa mórán do mhíorbhuilibh eile a bhfíadhnuisi a dheisciobal féin, nach bhfuile sgríobhtha sa leabhar so:
31 Achd atáid so sgríobhtha, ionnus go gcreidfeadh sibh gur ab é Iósa an Críosd, Mac Dé; agus ionnas ar gcreideadh dhíbh go bhfuidheadh sibh beatha tré na ainmsion.