10 A dubhairt Iósa riu, Tabhraidh libh cuid don íasg do gabhabhair a nois.
11 Do chuáidh Síomón Peadar súas, agus do tharruing sé an lion a dtír lán díasguibh mora, céud trí héisg dhéug agus dá fhichiot: agus gé do bhí a noirid sin ann, níor briseadh an lion.
12 A dubhairt Iósa ríu, Taguidh ithidh bhur ndínéur. Agus níor lamh áon do na deisciobluibh a fhíafruighe dhe, Cía thusa? do bhrígh gur aithnigheadar gurab é an Tighearna é.
13 Uime sin tháinig Iósa, agus do ghlac sé arán, agus tug sé dhóibhsean é, agus íasg mar an gcéudna.
14 A sé so a nois an treas uáir do thaisbén Iósa é féin dá dheisciobluibh, tart éis a éiséirghe ó mharbhuibh.
15 Ann sin ar nithe a ndinéir dhóibh, a dubhairt Iósa ré Síomon Peadar, A Shíomoin, mhic Ióna, a nans leachd misi ná léo so? A dubhairt seision ris, A seadh, a Thighearna; atáa fhios agadsa gur ab ionnmhuin liom thu. A dubhairt seision ris, Beathuidh muáin.
16 A dubhairt Iósa ris a rís an dara huáir, A Shíomóin, mhic Ióna, a nionmhuin leachd misi? A dubhairt seision ris, A seadh, a Thighearna, atá a fhios agadsa gur abionmhuin liom thú. A dubhairt Iósa ris, Beathuidh mo cháoirigh.