10 Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, An bhfuil tusa ad mháighisdir a Nisraél, agus gan a bhfios so agad?
11 Go deimhin, deimhin, a deirim riot, Go labhramáoid an ní as fios dúinn, agus go mbeirmíd fíadhnuisi ar an ní do chuancamar; achd ní ghabhtháoisi ar bhfíadhnuisi.
12 Má dubhairt mé neither talmhuidhe ribh, agus nach ccreidthí, cionnas chreidfidhe, dá nabra mé neither neamhdha ribh?
13 Oír ní dheachuidh éainneach suás ar neamh, achd an té do thuirrling ó neamh, Mac an duine atá ar neamh.
14 Agus mar do árduigh Máoisi a nathair neimhe ar an bhfásach, as mar sin as éigean Mac an duine dárdughadh:
15 Ionnus gidh bé chreidfeadh ann nach rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bhetha shiórruidhe aige.
16 Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.