22 Táinig Iósa agus a dheisciobail na dhiaigh sin go tír Iúdaighe; agus do chomhnuigh sé ann sin maille riú, agus do bhaisd sé.
23 Agus fós do bhaisd Eóin mar an gcéadna ag Aénon láimh ré Sálim, óir do bhi iomad uisge ann sin: agus tangadar, agus do baisdeadh iád.
24 Oír níor teilgeadh Eóin a bpríosun fós.
25 Uime sin do éirigh ceisd eidir cuid do dheisciobluibh Eóin agus na Iúdaidhe a dtimcheall an ghlanta.
26 Agus tangadar chum Eoin, agus a dubhradar ris, A mhaighisdir, an té do bhí ad fhochair ar an dtáoibh thall do Iordán, dá ndearna tú fíadhnuisi, féuch, baisdigh sé, agus tigid na huile dhaoine chuige.
27 Do fhreagair Eóin agus a dubhairt sé, Ní héidir lé duine éinní ghlacadh, muna raibh sé ar na thabhairt dó ó neamh.
28 A tatháoisi féin bhur bhfíadhnuisi agamsa, go ndubhairt mé, Ní misi Criosd, achd gur cuireadh roimhe.