7 Ná biódh ionghadh agad go ndubhairt misi riot, Gur ab éigean dáoibh bhur ngeineamhuin a rís.
8 Séidigh an gháoth mar as áill lé, agus do chluin tú a torann, achd ní bhfuil a fhios agad créud as a dtig sé, nó caít dtéid sé: is mar sin atá gach neach atá ar na gheineamhuin ón Spioruid.
9 Do fhreaguir Nicodémus, agus a dubhairt sé ris, Cionnas as eidir na neithese do bheith?
10 Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, An bhfuil tusa ad mháighisdir a Nisraél, agus gan a bhfios so agad?
11 Go deimhin, deimhin, a deirim riot, Go labhramáoid an ní as fios dúinn, agus go mbeirmíd fíadhnuisi ar an ní do chuancamar; achd ní ghabhtháoisi ar bhfíadhnuisi.
12 Má dubhairt mé neither talmhuidhe ribh, agus nach ccreidthí, cionnas chreidfidhe, dá nabra mé neither neamhdha ribh?
13 Oír ní dheachuidh éainneach suás ar neamh, achd an té do thuirrling ó neamh, Mac an duine atá ar neamh.