17 Do fhreagair an bhean agus a dubhairt sí ris, Ní bhfuil fear agam, A dubhairt Iósa ría, As maith a dubhairt tú, Ní bhfuil fear agam:
18 Oír do bhádar cúigear fear agad; agus an té atá agad a nois, ní hé thfear féin é: a dubhairt tú so go fírinneach.
19 A dubhairt an bhean ris, A Thighearna, do chím gur fáidh thú.
20 Do rinneadar ar naithre adhra ar a tsliábh so; agus a deirthisi, gur ab a Niarúsalém atá an tionad ann ar bhéigean adhra do dhéunamh.
21 A dubhairt Iósa ría, A bhean, creid misi, tig an uáir, nach adharfuighe an Tathair, ar a tslíabhso, ná a Niárusalém.
22 Adhraigh sibhse an ní nach fios díbh: adhramáoidne an ní as fios dúinn: oír as ó na Iúdaidhibh atá sláinte
23 Achd tig an uáir, agus atá sí ann a nois, an tan adharfuidh an luchd adhra fírinneacha an Tathair a spiorad agus a bhfirinne: oír go deimhin iárruidh an tathair a leitheid so dá adhradh féin.