23 Achd tig an uáir, agus atá sí ann a nois, an tan adharfuidh an luchd adhra fírinneacha an Tathair a spiorad agus a bhfirinne: oír go deimhin iárruidh an tathair a leitheid so dá adhradh féin.
24 Is Spiorad Día: agus an dream adhras é as éigin dóibh a adhra a spioraid agus a bhfírinne.
25 A dubhair an bhean ris, Atá a fhios agam go dtiocfa an Messías, (ré a nabarthar Críósd:) an tan thiocfas sé foillséochuidh sé na huile neithe dlrúinn.
26 A dubhairt Iósa ría, As misi é labhrus riotsa.
27 Agus fa namsin thangadar a dheisciobailsion, agus do biongnadh léo gur labhair sé ris an mnáoi: achd cheana ni dubhairt áoinneach, Créud iarrus tú? nó, Créud labhrus tú ría?
28 Ar a nadhbharsin dfag an bhean a sóitheach uísge, agus do chúaidh sí don chathraigh, agus a dubhairt sí ris na daóinibh,
29 Tigidh, féuchuidh an duine, a dubhairt riumsa gach éin ní dá ndearna mé ríamh: a né nach é so Críosd?