27 Agus fa namsin thangadar a dheisciobailsion, agus do biongnadh léo gur labhair sé ris an mnáoi: achd cheana ni dubhairt áoinneach, Créud iarrus tú? nó, Créud labhrus tú ría?
28 Ar a nadhbharsin dfag an bhean a sóitheach uísge, agus do chúaidh sí don chathraigh, agus a dubhairt sí ris na daóinibh,
29 Tigidh, féuchuidh an duine, a dubhairt riumsa gach éin ní dá ndearna mé ríamh: a né nach é so Críosd?
30 Ar a nadhbharson do chuádar amach as an gcathraigh, agus tangadar chuigision.
31 Agus diárradar a dheisciobail air fá a namsin ag rádh, A Mhaighisdir, ith bíadh.
32 Agus a dubhairt seisean riu, Atá biadh agamsa ré na ithe nach bhfuil a fhios aguibhsi.
33 A dubhradar a dheisciobail ré chéile, An dtug áoinneach chuige ní do íosadh sé?