31 Agus diárradar a dheisciobail air fá a namsin ag rádh, A Mhaighisdir, ith bíadh.
32 Agus a dubhairt seisean riu, Atá biadh agamsa ré na ithe nach bhfuil a fhios aguibhsi.
33 A dubhradar a dheisciobail ré chéile, An dtug áoinneach chuige ní do íosadh sé?
34 A dubhairt Iósa ríu, As é mó bhíadhsa toil an té do chuir úadh mé do dhéunamh, agus a obair do chríochnughadh.
35 An é nach abartháoisi, go bhfuilid ceithre mhí fós, agus go dtiocfa an fóghmhar ann sin? féuch, a deirim ribh, Tóguidh súas bhur súile, agus féuchuidh na réghióin; óir atáid siad geal cheana chum a nfoghmhair.
36 Agus an té bheannas glacaidh sé túarasdal, agus cruinnighe sé toradh chum na beatha marrthannuighe: ar chor go mbía an té shíolchuireas agus an té bheanus lúagháireach a néinnfheachd.
37 Oír as ann so atá an radh úd firinneach, Go síolchuireann neach, agus go mbeanann neach eile.