4 Agus dob éigean do dul third Samária.
5 Ar a nadhbharsin thaínig sé go cathair Shamária, dá ngoirthear Sichar, láimh ris an bhfearann tug Iácob dha mhac fein Ioseph.
6 Agus do bhí tobar Iácob ann sin. Ar a nadhbharsin, ar mbeith curtha Díosa ó nasdar, do shuidh sé mar sin ar an tobar: agus do bhí sé a dtimcheall an seiseadh húair.
7 Taínig bean ó Shamária tharraing uisge: a dubhairt Iósa ría, Tabhair deoch dhamhsa.
8 Oír do chúadar a dheisciobailsion don chathraigh do cheannach bígh.
9 Ar a nadhbharsin a dubhairt an bhean Shamaritánach sin ris, Cionnas ar mbeith dhuitsí ad Iúdaighe, iárrus tú deoch oramsa, ata am mhnáoi Shamaritánaigh? Oír ní ghnáthuighid na Iúdaighe na Samaritánuigh.
10 Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ría, Da mbeith fios tiodhluice Dé agad, agus cía hé an té a deir riot, Tabhair dhamh deoch; do iárrfása air, agus do bhéuradh se uisge béo dhuit.