42 Agus a dubhradar ris an mnáoi, Ní ar son do chomhráidhse chreidmídne feasda: óir do chúalamar féin é, agus atá a fhios aguinn go fírinneach gur ab é so Críosd, Slánuightheóir an domhain.
43 Agus tair éis dhá lá do chúaidh sé as sin, agus dimthigh sé don Ghalilé.
44 Oír rug Iósa féin dfíadnuisi, nach bhfuil cion ar fháidh ánn a thír féin.
45 Ar a nadhbharsin an tan tháinig sé do Ghalilé, do ghabhadar luchd na Galilé chuca é, íar bhfaicsin gach ní dá ndearna sé a Nierusalem lá an fhéusda: óir tangadarsan féin chum an fhéusda.
46 Ar a nadhbharsin táinig Iósa a rís go Cána na Galilé, mar a ndéarnuidh sé fíon don uisge. Agus do bhí tighearna áirighe, a Gcápernáum agá raibh a mhac tinn.
47 An tan do chúaluidh sé so go dtáinig Iósa as tír Iúdaighe don Ghalilé, do chuáidh sé amach chuige, agus díarr sé air dul síos, agus a mhac do shlánughadh: óir do bhí sé ré huchd bháis.
48 Ar nadhbharsin a dubhairt Iósa ris, Muna bhfaicthí comharthuighe agus míorbhuile, ní chreidfidhe.