43 Agus tair éis dhá lá do chúaidh sé as sin, agus dimthigh sé don Ghalilé.
44 Oír rug Iósa féin dfíadnuisi, nach bhfuil cion ar fháidh ánn a thír féin.
45 Ar a nadhbharsin an tan tháinig sé do Ghalilé, do ghabhadar luchd na Galilé chuca é, íar bhfaicsin gach ní dá ndearna sé a Nierusalem lá an fhéusda: óir tangadarsan féin chum an fhéusda.
46 Ar a nadhbharsin táinig Iósa a rís go Cána na Galilé, mar a ndéarnuidh sé fíon don uisge. Agus do bhí tighearna áirighe, a Gcápernáum agá raibh a mhac tinn.
47 An tan do chúaluidh sé so go dtáinig Iósa as tír Iúdaighe don Ghalilé, do chuáidh sé amach chuige, agus díarr sé air dul síos, agus a mhac do shlánughadh: óir do bhí sé ré huchd bháis.
48 Ar nadhbharsin a dubhairt Iósa ris, Muna bhfaicthí comharthuighe agus míorbhuile, ní chreidfidhe.
49 A dubhairt an tighearna ris, A Mhaighisdir, éirigh síos suil do gheabhas mo mhac bás.